Come & visit us for a warm & friendly welcome

A warm welcome

Osclaíodh Siopa Ceoil an Daingin - Dingle Music Shop mí na nollag 2005. Tá an siopa lonnaithe ar thaobh príomh sráid an Daingin díreach trasna na sráide ó Oifig an Phoist.

OSiopa beag bídeach is ea é agus atá deas cluthar. Nuair a théann duine isteach sa spás beag seo, Siopa Ceoil an Daingin, cloistear ceol binn agus cuirtear fáilte deas cineálta romhat ag Micheál, fear an tí, agus ag Caitriona atá ag cabhrú leis.

Mingled together

Tá na fallaí líonta suas leis an gceol agus amhráin is fearr in Éirinn. Tá seilf amháin líonta suas le ceoltóirí agus amhránaithe áitiúla. Deintear gach iarracht ceoltóirí áitiúla a spreagadh agus a chur chun cinn. Cuir do thoil in iúil do Mhicheál ó thaobh ceol do agus chomhlíonfar é.

Tickets available

Sár cheoltóir is ea Micheál agus tabharfaidh sé comhairle maith duit. Bíonn ceol beo ar siúl sa tSiopa agus más bean tú seans go mbeidh tú amuigh i lár an úrlaír leis ag rince. Sa tSiopa Ceoil buailfidh tú le daoine atá ag lorg ceoil neamhghnách nó Ameiriceánaigh ag lorg dlúth dhiosca le tabhairt abhaile. Imeóidh gach éinne abhaile sona sásta.

Music all around

Tá rogha mór ceoil tradisiúnta chomh maith le ceol domhanda le fáil istigh ann. Díoltar úirlisí ceol, piobaí uillinn, cláirsí, feadóga stáin, feadóga mhora, boscaí ceoil agus bodhráin.

Tagann fear isteach sa tSiopa go rialta agus tugann sé taispeántas ar an mbodhrán. Tugann sé ranganna ar an mbodhrán ar phraghas réasúnta.

Díoltar ticéidí do choirmeacha ceol a bhíonn ar siúl i séipeal St James in aice an tSiopa. Bionn ana éileamh ar na coirmeacha ceoil sin i rith an tsamhraidh.

Cuirtear ana bhéim ar labhairt na gaelainne sa tSiopa

Siopa Ceoil An Daingin ~ Dingle Music & Coffee Shop

2 The Colony, Strand Street, Dingle, Co. Kerry
tel: +353 (0)66 9152618 ~ mobile: +353(0)87 9145826 ~ info@siopaceoil.ie ~ www.siopaceoil.ie